Monday 15 February 2021

Ag ceann an chomhairimh!

Story in English

Chuir Údarás na Gaeltachta fáilte roimh chinneadh an chomhlachta clúiteach taighde margaíochta IPSOS/MRBI láithreacht a bhunú iin Iarthair Mhaigh Eo agus i ngréasán gteic ach go háirithe.  Beidh dhá phost bhuana á gcruthú i gteic@Béal an Mhuirthead mar thús agus tá sé fógartha ag IPSOS go bhfuil 30 duine, idir oibrithe páirt agus lánaimseartha, á gcuardach acu faoi láthair ó cheantar Iorrais agus iarthar Mhaigh Eo trí chéile.


Dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta “Cuireann muid fáilte chroíúil roimh IPSOS go Gaeltacht Mhaigh Eo agus guíonn muid gach aon rath orthu sa ghné nua seo dá ngnó. Is céim shuntasach í seo don ghréasán gteic i Maigh Eo agus léiríonn sé an deis atá ann do chomhlachtaí iad féin a lonnú sa nGaeltacht agus a gcuid fostaithe a bheith ag feidhmiú i gteic-anna éagsúla ar fud na Gaeltachta.”

Tá ionad lárnach glaonna á fheistiú i gteic@Béal an Mhuirthead don chomhlacht faoi láthair ach táthar ag dréim go mbeidh ar chumas fostaithe an chomhlachta aon cheann de na hionaid nua gteic, gteic@An Eachléim nó gteic@An Corrán Buí atá á bhforbairt faoi láthair, a úsáid de réir mar a mhéadaíonn an comhlacht agus nuair a ardaíonn srianta COVID-19.

Tá 18,000 duine fostaithe ag IPSOS ar fud an domhain, agus iad ag cur seirbhís taighde margaíochta ar fáil do chomhlachtaí ar líne, tríd agallaimh aonair, tríd an bpostas agus trí ghlaonna fóin.

Dúirt Aoife O’Connor, Bainisteoir CATI, “Tá áthas orainn a bheith ag lonnú i mBéal an Mhuirthead le tacaíocht Údarás na Gaeltachta agus táimid ag súil go mór le leas a bhaint as gréasán gteic sna blianta atá romhainn. Tá deis iontach ag ár bhfoireann leas a bhaint as an gcothromaíocht saoil atá ar fáil i nGaeltacht Mhaigh Eo.”

Is é nádúr na hoibre sheirbhís taighde margaíochta gur fostaíocht pháirtaimseartha den chuid is mó a bhíonn sa ngnó chun sealanna oibre éagsúla a chlúdach i rith agus taobh amuigh de ghnáthuaireanta oifige. Tá tús curtha ag IPSOS le hearcú 30 duine páirtaimseartha i gceantar Iorrais cheana féin agus tá cúrsaí oiliúna (Seirbhís do Chustaiméirí - QQI 1 - Leibhéal 6) á gcur ar fáil ar bhonn comhpháirtíochta ag Údarás na Gaeltachta agus Clár Gníomhachtúcháin Pobail agus Cuimsiú Sóisialta (SICAP) Oirthuaisceart Mhaigh Eo sa gceantar mar chúrsaí réamhoiliúna do dhaoine ar spéis leo na poist atá á dtairiscint ag an gcomhlacht.

Dúir Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh: “Cúis misnigh dúinn go bhfuil comhlacht idirnáisiúnta de sheasamh IPSOS chun leas a bhaint as an ngréasán gteic agus chun an deis a bhaineann le cianoibriú sna ceantair Ghaeltachta a thapú. Cuireann gteic deireadh le haon bhac atá ann a bheith i do chónaí agus ag obair i gceantair áille tuaithe na tíre agus tú ag nascadh le gnóthaí agus daoine ar fud an domhain.”

@IpsosMRBI @UdarasnaG #Éire

No comments:

Post a Comment