Thursday 29 April 2021

Earnáil an phlaistigh a athrú ó bhun.

Novelplast Teo*, cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, mar chuid de ghrúpa eagraíochtaí atá chun tabhairt faoi thaighde a bhfuil sé mar aidhm aige earnáil an phlaistigh a athrú ó bhun.

Labhair Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh maidir leis na bhfógra: “Tá forbairt agus cothú comhlachtaí atá bunaithe ar an nuálaíocht sna ceantair Ghaeltachta ina chuid lárnach de straitéis Údarás na Gaeltachta. Is sampla maith é seo den tionscail sin, tionscail atá ag forbairt teicneolaíochtaí agus modhanna oibre nua a bheidh inbhuanaithe amach anseo agus a mbeidh sé de chumas acu fás.”

I gcomhpháirtíocht le hInstitiúid Teicneolaíochta Átha Luain (AIT), AvonCourt Packaging Ltd agus Ollscoil na hÉireann, Corcaigh, beidh ról lárnach ag Novelplast sa togra teicneolaíochta bunathraitheach seo atá chun féachaint leis an méid ábhair peitriliam úríon a úsáidtear in earnáil na bplaisteach a laghdú go suntasach. Chuige sin léireofar PET (Polyethylene terephthalate) athchúrsáilte mar fhoinse luachmhar ar féidir athúsáid a bhaint as go síoraí.

Tá maoiniú de €1.89m ceadaithe don togra faoin gCiste Nuálaíochta um Theicneolaíochtaí Bunathraitheacha atá fógartha ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta. Roinnfear an ciste de €95m as seo go ceann trí bliana ar fhiontair, institiúidí oideachais agus taighde. An aidhm atá leis an gCiste ná comhoibriú a chur chun imeasc bonn taighde agus earnála den scoth in Éirinn ag cur ar chumas fiontair dul in iomaíocht dhíreach ar mhaoiniú chun na teicneolaíochtaí seo a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

*Bunaíodh Novelplast Teoranta i mBaile Ghib, Co. na Mí (Éire), in 2017 agus tá fás mór tagtha ar an gcomhlacht ó shin agus suas le 25 duine fostaithe ann ag deireadh 2020. Déanann an comhlacht millíní/sliseanna PET go díreach ó fhuíollghearrthóga filiméad agus ábhar snáithín ó áiseanna déantúsaíochta PET. Cuireann siad réitigh agus teicneolaíochtaí ar fáil chun athchúrsáil a dhéanamh ar ábhar plaisteach, iad de shíor ag iarraidh cúrsaí inbhuanaitheachta a chur chun cinn chun timpeallacht níos fearr a chruthú do na glúnta atá le theacht.

@novelplast @UdarasnaG @UCC @DeptEnterprise #Research #Plastics #Ireland

No comments:

Post a Comment