Friday 12 May 2023

Fáilte roimh conradh soláthair leictreachais eischósta.

Tá fáilte curtha ag Údarás na Gaeltachta roimh chinneadh EirGrid conradh soláthair leictreachais eischósta a bhronnadh ar thogra Sceirde amach ó Charna i nGaeltacht na Gaillimhe.

English Language Version
Is ar an gcomhlacht, Corio a bronnadh an conradh inniu, agus déanfaidh Corio iarratas anois ar chead pleanála leis an togra a fhorbairt. Is é seo an chéad togra fuinnimh gaoithe eischósta riamh a bhfuil conradh bronnta air amach ó chósta Atlantaigh na hÉireann.

“Is deá-scéala don Ghaeltacht é seo agus tá sé tráthúil i gcomhthéacs na forbartha atá dhá dhéanamh ar chalafort Ros an Mhíl i láthair na huaire,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin. “Fáiltimid roimh an fhorbairt atá á dhéanamh ar earnáil an fhuinnimh inathnuaite i nGaeltacht na Gaillimhe, earnáil a bheas rí-thábhachtach d’iarthar na hÉireann sna blianta amach romhainn. Beidh Údarás na Gaeltachta ag obair go dlúth leis na pobail áitiúla chun a chinntiú gur chun tairbhe phobal na Gaeltachta a bheas aon fhorbairt a thugtar chun críche.”

Togra 450MW é togra Sceirde, agus tá sé tugtha le fios ag Corio gur mian leo calafort Ros an Mhíl a úsáid mar láthair seirbhíse don fheirm gaoithe.

Tá sé tugtha le fios i dtuarascáil a choimisiúnaigh Údarás na Gaeltachta go bhfuil deis ann 900 post a fhorbairt san earnáil fuinnimh gaoithe eischósta i nGaeltacht na Gaillimhe, má dhéantar Ros an Mhíl a fhorbairt mar mhol don earnáil sin. 


Féach Tuairisc RTÉ News: Four successful bidders in first offshore wind auction.

@UdarasnaG #Marine, #Offshore #Energy #Ireland



No comments:

Post a Comment