Wednesday 2 June 2021

40 post sároilte don earnáil feistí leighis.

Chuir Údarás na Gaeltachta fáilte roimh fhógra Cambus Medical/Freudenberg Medical go bhfuil 40+ post nua sároilte le cruthú mar chuid d’obair leathnaithe €1.9m ag a n-áis ar an Spidéal i gConamara. 

Léiríonn an méadú suntasach seo go mbeidh lorg déantúsaíochta an chomhlachta feistí leighis ag ardú 60% agus súil an fhoireann a leathnú go dtí 170+ duine roimh dheireadh 2021. Beidh an 40+ post atáthar ag cruthú sa réimse sain-innealtóireachta cáilíochta, déantúsaíochta, oibríochtaí custaiméara agus riarachán. Tá taithí fhairsing ag Cambus Medical, comhfhiontar le Freudenberg Medical, ag cur feadánra, sainsnáthaidí agus micreachomhpháirteanna miotail ar fáil don earnáil feistí leighis agus ag tacú le bonn custaiméirí ar fud Mheiriceá Thuaidh, Meiriceá Theas, na hEorpa, na hÁise, na hAfraice agus na hAstráile.

Cheadaigh Bord Údarás na Gaeltachta maoiniú don mhéadú mar chuid de Chlár Spreagtha Post COVID-19 an Rialtais. Cuirfidh an méadú 2,088 méadar cearnach spás breise táirgthe/déantúsaíochta ar fáil chomh maith le hoifigí riaracháin ag áis suntasach reatha an chomhlachta ar an Spidéal i gConamara áit ar thosaigh siad i mbun earcaíochta don 40+ post le gairid. Tabharfaidh sé seo deis do Cambus Medical/Freudenberg Medical glacadh le hobair nach raibh spás acu dó cheanna, acmhainn déantúsaíochta nua a fhorbairt agus dul ar thóir gnó agus custaiméirí nua.

“Ba mhaith le Cambus Medical buíochas a ghlacadh lenár n-geallsealbhóirí; Freudenberg Medical as a dtacaíocht agus a muinín, Údarás na Gaeltachta as infheistíocht a dhéanamh sa suíomh, agus lenár bhfoireann as an bhfís seo a chur i gcrích. ‘Léiriú ar ár nDíograis’ is ea ár dtiomantas gnó inbhuanaitheach a fhás ar an Spidéal agus poist ardoilte suimiúla a chur ar fáil do dhaoine, poist a dhéanann difríocht i mbeatha othair ar fud an domhain. Tá muid cinnte go mbeidh muid in ann ár sprioc 500 duine a bheith fostaithe ag Cambus Medical a bhaint amach lá breá éigin á bhuíochas sin dár gcultúr, luachanna, tiomantas agus diongbháilteacht,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Cambus Medical, Barry Comerford.

Dúirt an Dr. Max Gisbert Kley, Príomhfheidhmeannach Freudenberg Medical: “Tá díol mórtais do Freudenberg Medical go bhfuil muid ag tacú le leathnúchán Cambus Medical mar pháirtnéir comhfhiontair. Ón gcéad infheistíocht a rinne Freudenberg Medical i Cambus in 2013 tá fás níos tapúla ná an margadh féin déanta acu agus tá fás faoi thrí tagtha ar líon na bhfostaithe ar an Spidéal. Seo fianaise ar áit láidir Cambus sa margadh mar cheannairí teicneolaíochta fheadánra agus comhpháirteanna miotail d’fheistí leighis.”

Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D. fáilte roimh an nuacht ag rá “Ba mhaith liom comhghairdeachas a dhéanamh le Cambus Medical agus an fhoireann ansin maidir leis an bhfógra suntasach cruthú post agus an méadu ar an áis, comhlacht iad atá ag cur fostaíocht luachmhar inmharthana ar fáil i gceantar an Spidéil. Tá fógra os cionn 200 post luaite san earnáil feistí leighis i gceantar Chois Fharraige le cúpla mí anuas rud a léiríonn céard is féidir a bhaint amach ar chósta iarthar na hÉireann le tacaíocht spriocdhírithe an Stáit.” Chuir Príomhaoire an Rialtais agus Aire Sóisearach na Gaeltachta, Jack Chamber failte roimhe chomh maith.

Labhair Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta agus dúirt: “Thar ceann Bhord Údarás na Gaeltachta, ba mhaith liom tréaslú le Cambus Medical/Freudenberg Medical agus an fhoireann maidir leis an bhforbairt seo agus an 40 post nua atá á gcruthú. Tá an comhlacht nuálach seo, a bhunaigh dhá fhiontraí áitiúil le tacaíocht Údarás na Gaeltachta, ag fostú go leor daoine sa cheantar agus ag cur go mór leis an gheilleagar áitiúil.”

• Is saineolaithe iad Cambus Medical, comhfhiontar le Freudenberg Medical, i bhforbairt agus i ndéanamh feadánra, sainsnáthaidí agus micreachomhpháirteanna d’fheistí leighis atá íosionrach a úsáidtear d’idirghabháil diagnóiseach agus teiripeach. Bhunaigh Barry Comerford agus John Farragher an comhlacht in 2006, agus ó shin i leith tá an líon custaiméirí ag méadú go suntasach in Éirinn agus thar lear. In 2012 chuaigh siad i mbun comhpháirtíocht straitéiseach le Freudenberg Medical Europe GmbH ceannaire domhanda i dtaobh na déantúsaíochta san earnáil feistí leighis.

@UdarasnaG @CambusMedical @FreudenbergMed @DeptCulturelRL #Pauto #Medical  #Ireland

No comments:

Post a Comment