Wednesday 27 October 2021

Conradh suntasach aimsithe le déantúsóir aerastruchtúir.

ÉireComposites tar éis conradh na million Euro a shíniú le Spirit AeroSystems, an comhlacht is mó déantúsaíochta aerastruchtúir ar domhan, chun páirteanna struchtúrtha a chur ar fáil do scairdeitleán gnó agus airlínéir tráchtála. Mar thoradh ar an gconradh déanfar an 60 post reatha atá in Éire Composites a bhuanú agus tá an comhlacht ag féachaint le 40 post nua a chruthú as seo go ceann trí bliana ag a n-ionad in Indreabhán i gCo. na Gaillimhe.

Tomás Flanagan
 “Tá fógra an lae inniu maidir le dul chun cinn agus leathnú na comhpháirtíochta idir ÉireComposites agus Spirit AeroSystems an-suntasach go dea, ní hamháin gur comhartha é maidir le muinín in obair sholáthróirí na hÉireann tar éis an Bhreatimeachta ach freisin ár ról tábhachtach in aerthaisteal amach anseo." Arsa Tomás Flanagan, Príomhfheidhmeannach ÉireComposites. "Táim an-bhródúil as an obair a dhéanann muid san áit faoi leith seo ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin, le foireann dhílis agus ardoilte, agus murach iad, ní bheadh scéal an lae inniu tarlaithe.  Ba mhaith le ÉireComposites buíochas le leith a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhiontraíocht Éireann as a dtacaíocht leanúnach lena chinntiú go mbeidh muid in ann oibriú ar thograí spéisiúla agus nuálacha le comhpháirtithe earnála ar fud an domhain.”

Mar chuid den chonradh cuirfidh an comhlacht seirbhísí déantúsaíochta agus tástála ar fáil do chúpla aerárthach nua agus cinnteoidh go bhfuil ról lárnach ag nuálaíocht Gaeltachta i dtodhchaí an aerthaistil.

Tá sár-chleachtadh ag Éire Composites ar dhul chun cinn nuálach agus iad tar éis conradh a shíniú le gairid chun sciatha solais fhánacha a dhearadh agus a tháirgeadh le bheith mar dhlúthchuid de shatailít ALTIUS le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa. Tá áis tástála agus déantúsaíochta ilchodacha creidiúnaithe á fheidhmiú ag an gcomhlacht i gceantar Chois Fharraige (mar atá Read-out féin!) áit a bhfuil os cionn 60 duine fostaithe faoi láthair. Is comhlacht iad ÉireComposites a dhéanann dearadh nuálach, déantúsaíocht agus tástáil ar ábhar ilchodach atá éadrom, ardfheidhmíochta agus snáithíntreisithe. Tá a mbunús custaiméirí lonnaithe in earnálacha an spáis, aeraspáis, fuinnimh in-athnuaite agus ilchodacha tionsclaíocha.

@EireComposites @SpiritAero @UdarasnaG #Aeronautics


No comments:

Post a Comment