Friday 22 May 2020

Leas na teicneolaíochta digití in athmhúscailt pobail ghnó tuaithe.

Taighde nua cómhaoinithe ag Údarás na Gaeltachta chun leas na teicneolaíochta digití in athmhúscailt pobail ghnó tuaithe a fhiosrú.

Údarás na Gaeltachta ag cómhaoiniú taighde nua i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Phort Láirge (WIT), chun féachaint ar na bealaí le leas a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha chun tacú le gnóthaí imeallacha agus faoin tuath sa Ghaeltacht chun nascadh agus forbairt a dhéanamh.
Beidh an taighde féin thar a bheith tráthúil ag an am seo agus léargas á thabhairt ar an leas a bheidh gnóthaí faoin tuath in ann a bhaint as teicneolaíochtaí digití agus iad ag athmhúscailt tar éis na géarchéime COVID-19.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh “Tá comhpháirtíocht seanbhunaithe idir Údarás na Gaeltachta agus Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge maidir leis an Ard Dioplóma i Léiriú Teilifíse agus na Meáin Dhigiteacha agus tá muid an-sásta leis an gcomhpháirtíocht nua seo agus súil againn gur féidir linn an dea-chaidreamh oibre sin a fhorbairt tuilleadh leis an Institiúid ar thionscnaimh amach anseo. Beidh taighde agus nuálaíocht ríthábhachtach don Ghaeltacht agus muid ag iarraidh a theacht ar ais ó thionchar na géarchéime COVID-19. Chuige seo, beidh sé riachtanach do ghnóthaí leas a bhaint as teicneolaíochtaí nua chun téarnamh a dhéanamh agus tacóidh an taighde seo go mór leo an tairbhe a thuiscint.”

Ní hamháin sin ach fiosróidh an taighde seo cothú pobail Ghaeltachta imeallacha tríd úsáid na teicneolaíochta – rud atá an-ábhartha faoi láthair agus an teicneolaíocht ríthábhachtach do chách atá ag obair ón mbaile, ag coinneáil gnóthaí ag feidhmiú agus ag coinneáil clainne nasctha.

Mar chuid den taighde gníomhaíochta PhD 4 bliana atá beartaithe, beidh an taighdeoir neadaithe i nGaeltacht Phort Láirge agus in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge.

Tá Údarás na Gaeltachta agus IT Phort Láirge ag lorg taighdeoir a bhfuil an-spéis aige/aice sa taighde sóisialta is úire agus a bhfuil tuiscint dea-fhorbartha aige/aice ar an dul chun cinn is déanaí maidir le modhanna taighde cáilíochtúil. De bharr nádúr neadaithe an taighde seo, beifear ag súil go mbeadh an t-iarratasóir ina c(h)ónaí de ghnáth i réigiún oirdheisceart na hÉireann, rannpháirteach le pobail na Gaeltachta agus ní mór dó/di a bheith i láthair in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge le bheith páirteach sna modúil struchtúrtha PhD. Ó tharla go mbeidh an t-iarratasóir tumtha i bpobal gnó na Gaeltachta i bPort Láirge, ní mór a bheith líofa i nGaeilge chun an staidéar a thabhairt chun críche agusbeifear ag súil go mbeidh an t-iarratasóir PhD ábalta a léiriú go bhfuil sé/sí líofa ó thaobh labhairt agus scríobh na Gaeilge agus an Bhéarla.

Tá an scoláireacht cómhaoinithe ag Údarás na Gaeltachta agus Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus cuirfear stipinn bhliantúil €12,000 ar fáil don scoláire a n-éireoidh leis/léi faoin scoláireacht sin. Tá piléar oideachais fada agus rathúil ag Údarás na Gaeltachta agus stair fhada ag an eagraíocht le scéimeanna éagsúla oideachais a chur i bhfeidhm. Le cúpla bliain anuas d’eascair roinnt comhpháirtíochtaí le hinstitiúidí tríú leibhéal eile áit a bhfaigheann mic léinn iarchéime tacaíocht leanúint ar aghaidh leis an staidéar, go háirithe má bhaineann an staidéar sin leis an nGaeltacht.

Is é an Aoine an 29ú Bealtaine 2020 an spriocdháta don deis PhD seo agus is féidir eolas breise a fháil anseo. 

#Digitisation @UdarasnaG @waterfordit

No comments:

Post a Comment