Monday 12 April 2021

Forbairt ag déantóir bithábhair.


Tá 150 post nua d’ardchaighdeán i nGaillimh fógartha ag Aran Biomedical, ceann de phríomhdhéantóirí bithábhair d’earnáil na bhfeistí leighis.

“Tá áthas agus mórtas orainn a fhógairt go bhfuil sé ar intinn againn áis den chineál is nua-aimseartha a thógáil sa Spidéal agus na poist nua seo a chruthú,"
arsa Príomhfheidhmeannach Aran Biomedical Peter Mulrooney. "Bhí bliain an-suntasach go deo ag Aran le 12 mí anuas, d’fhás muid ár mbonn cliant agus líon na bhfostaithe anseo go dtí os cionn 120, chomh maith le hoscailte oifigiúil ár n-ionad srutharlaithe tiomnaithe i mí na Nollag.  Lean muid ag cur lenár mbonn cliant, agus cuirfidh na poist nua agus an áis nua ar ár gcumas freastal ar éilimh soláthair ár gcustaiméirí sa réimse teicstílí bithleighis.  Tá an tacaíocht a thugann Údarás na Gaeltachta dúinn ríthábhachtach do rath an chomhlachta agus iad ag cabhrú linn ó bhog muid go dtí ár mbunáit déantúsaíochta sa Spidéal in 2008.”
 
Speisialtóirí iad Aran Biomedical, cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, i saindearadh, forbairt agus déantúsaíocht feistí leighis a théann isteach sa gcolainn agus mar fhreagra ar fhás in éileamh gnó tá sé fógartha acu go bhfuil sé de rún acu a bhfoireann oibre a mhéadú trí 150 post nua sároilte a chruthú thar 3 bliana i dTáirgeadh, Innealtóireacht, Cáilíocht agus Bainistíocht Slabhra Soláthair.
 
Chomh maith leis sin, tá sé ar intinn ag an gcomhlacht a gcumas déantúsaíochta a mhéadú faoi thrí le bunú áis nua sa Spidéal (Éire) agus táthar ag dréim gur ar bhonn céimiúil a fhorbrófar an áis seo agus meastar go mbeidh an togra curtha i gcrích faoi lár 2025.

Tá Aran Biomedical (Proxy Biomedical roimhe seo) lonnaithe ar an Spidéal ó 2008 le tacaíocht Údarás na Gaeltachta agus é ag cur fostaíocht sároilte ar fáil i nGaeltacht Chonamara le trí bliana déag anuas.  Agus cúrsaí nuálaíochta ag dul go tréan in Aran Biomedical d’fhorbair siad táirge bithábhair nideoige agus le hiarrachtaí dochreidte an chomhlachta agus a gcuid fostaithe tá fás agus leathnú as cuimse tagtha orthu agus 120 duine fostaithe ann faoi láthair.
 
Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D. fáilte roimh an bhfógra. “Tá áthas orm go bhfuil Aran Biomedical tar éis a fhógairt go mbeidh 150 post á gcruthú acu ar an Spidéal as seo go ceann 3 bliana.  Ba mhaith liom tréaslú le Peter Mulrooney agus an fhoireann ansin as an nuacht go bhfuil ag éirí thar cionn leis an gcomhlacht agus iad ag cur fostaíocht luachmhar inmharthana ar fáil i nGaeltacht na Gaillimhe.  Dá mba rud é go raibh fianaise ag teastáil maidir le cás a léiríonn céard a bhíonn de bharr tacaíocht i gceantair tuaithe, léiríonn nuálaíocht agus rath Aran Biomedical agus Údáras na Gaeltacht céard is féidir a bhaint amach.”

“Tá áthas ar Údarás na Gaeltachta fáilte a chur roimh fhógra Aran Biomedical," a dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta. "Is léiriú é gur féidir le Gaeltachta na hÉireann a bheith ina mbunáit iontach do chuile chineál gnó agus na feistí leighis a dhearann agus a dhéanann Aran Biomedical á seoladh ar fud an domhain, is áit é gur féidir ceangal leis an domhan mór, agus ag an am céanna cothromaíocht oibre agus saoil den chéad scoth a chur ar fáil d’fhostaithe. Tá an fhostaíocht reatha agus bheartaithe an-tábhachtach don cheantar seo agus táthar ag súil go leanfaidh an infheistíocht shuntasach agus an fhostaíocht ard sa gceantar Gaeltachta seo.”

@UdarasnaG #AranBiomedical #Medical #Ireland

No comments:

Post a Comment